Máirtín Ó Direáin, 1978-9

Item

Format

JPEG

Title

Máirtín Ó Direáin, 1978-9

Identifier

VHS0001

Depiction

Headshot portrait of a man

Description

Seo é an file Máirtín Ó Direáin (1910-88). Ceapadh é mar bhall lánaimseartha d'fhoireann na Nua-Ghaeilge don seisiún 1978-9. Bhí sé mar scríbhneoir cónaithe ann, léachtaí agus seimineáir á dtabhairt aige ar nua-fhilíocht na Gaeilge, go háirithe ar a chuid scríbhinní féin, agus ghlac sé páirt i ngnáthshaol an Choláiste leis.

Ba as Árainn do Mháirtín, ach thosaigh sé ag obair in Oifig an Phoist i gcathair na Gaillimhe i 1928, áit a raibh sé ar dhuine de na haisteoirí tosaigh sa Taibhdhearc. I 1937 bhog sé go Baile Átha Cliath, áit ar oibrigh sé sa Roinn Poist agus Teileagraf agus ina dhiaidh sin sa Roinn Oideachais. Idir 1942 agus 1986 chuir sé amach mórán leabhar filíochta agus leabhar amháin próis, chomh maith le haistí, agus tugadh suas dó gurbh é an file ba mhó dá raibh ag scríobh sa Ghaeilge ag an am. I 1967 bhronn an Irish American Cultural Institute Gradam Annie Moore air, agus i 1970 rinneadh ball d'Acadamh Litríochta na hÉireann de. I 1977 bhronn Ollscoil na hÉireann céim DLitt oinigh air agus bhronn Fundúireacht FVS (Freiherr von Stein) i Hamburg an Ossian-Preis ('Duais Oisín') dá gcuid air.

(This is the poet Máirtín Ó Direáin (1910-88). He was appointed as a fulltime member of the Modern Irish staff for the session 1978-9. He was a writer in residence there, giving lectures and seminars on Irish-language modern poetry and particularly on his own writings, and he also participated in ordinary College life.
Máirtín was a native of Inis Mór, but in 1928 started work in the Post Office in Galway City, where he was one of the first actors in An Taibhdhearc. In 1937 he moved to Dublin, where he worked in the Department of Posts and Telegraphs and later in the Department of Education. Between 1942 and 1986 he published many books of poetry and one prose book, together with essays, and he was acknowledged as the greatest poet writing in Irish at the time. In 1967 the Irish American Cultural Institute honoured him with its Annie Moore Award, and in 1970 he was made a member of the Irish Academy of Letters. In 1977 the National University of Ireland conferred an honorary DLitt degree on him, and he was awarded the Ossian-Preis ('Oisín Prize') by the FVS (Freiherr von Stein) Foundation in Hamburg.

People

Máirtín Ó Direáin

References

- NUACHT (internal official newsletter), Imleabhar 2, Uimhir 1, Deireadh Fómhair 1978
- www.ainm.ie faoi 'Máirtín Ó Direáin'
- Dictionary of Irish Biography, sub 'Máirtín Ó Direáin'.

Contributor

Bibliographic Citation

C. Walsh, S. Mac Mathúna, ‘Máirtín Ó Direáin, 1978-9’, Visual History Retired Staff Collection, University of Galway Digital Collections, Asset Id 14707, Archival Record Id VHRS

Temporal Coverage

Period

1970s

Category

b&w
portrait

Subject

Language

Irish and English

Publisher

University of Galway Library

Rights

This image may be used for non-commercial purposes under CC BY-NC-SA see https://creativecommons.org/licenses/by-nc-sa/4.0/