Tomás S. Ó Máille

Item

Format

JPEG

Title

Tomás S. Ó Máille

Identifier

VHG0064

Depiction

Two men in conversation, one with a peaked cap and holding some documents

Description

Rugadh Tomás Seosamh (S.) Ó Máille i Hanley, Staffordshire, i Sasana, sa mbliain 1904. Chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair 1930. Bhain sé céim B.A. amach sa mbliain 1933. Ceapadh é ina Chúntóir lánaimseartha i Roinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus mar Léachtóir le Teangacha Ceilteacha i 1947. Bhí sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge ó 1953 go dtí gur éirigh sé as an bpost i 1974. Bronnadh DLittCelt air i 1971. D’éag sé ar 27 Lúnasa 1990 (www.ainm.ie/Bio).

Is é a dúirt Críostóir Túinléigh (iarleabharlannaí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) le Séamus Mac Mathúna, Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla na hOllscoile, gurb amhlaidh go raibh ranganna Gaeilge á dtabhairt i Manchain ag an (sean) Ollamh Tomás Ó Máille, go raibh Tomás S. ag freastal orthu sin, agus gur spreag sean-Tomás é le dul go Gaillimh mar mhac léinn.

Sé Oilibhéar Ó hEidhin (ar thaobh na láimhe deise) an fear eile sa bpictiúir. Bhí sé ina phríomhoifigeach de Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe.

References

Diarmad Breathnach, Máire Ní Mhurchú, https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1743, accessed 24 Jan. 2024

Contributor

Bibliographic Citation

Séamus Mac Mathúna, Peadar Mac an Iomaire, Patsy Clancy, S.G. Jennings, ‘Tomás S. Ó Máille’, Visual History Retired Staff Collection, University of Galway Digital Collections, Asset Id 14513, Archival Record Id VHRS

Temporal Coverage

Period

1970s

Category

colour
group
on-campus
indoors

Keywords

Nua-Ghaeilge

Language

Irish
English

Publisher

University of Galway Library

Rights

This image may be used for non-commercial purposes under CC BY-NC-SA
see https://creativecommons.org/licenses/by-nc-sa/4.0/