Skip to main content

Máirtín Ó Direáin - Fathach File / Reluctant Modernist

Óige an Fhile / The Poet's Youth

Óige an File

Rugadh Máirtín Ó Direáin, ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’, ar an 26 Samhain 1910 ar Inis Mór, an t-oileán is mó de thrí oileán Árann.

Ba é Máirtín an mac ba shine den cheathrar clainne a bhí ag Peige agus Seán Ó Direáin. Bhí an saol ag fáscadh orthu agus iad ag maireachtáil ar fheirm bheag charraigeach sa Sruthán ar an taobh thiar den oileán.

Seans gur ar an gcarraig lom feirme sin a thabharfadh Máirtín a bheatha go deo murach gur cailleadh a athair le heitinn sa bhliain 1917. Ghoill bás anabaí a athar go mór air.

Murab ionann agus fir an oileáin a thug dúshlán na carraige is na trá, níor fheil dálaí oibre traidisiúnta an oileáin dó. Níor thug sé bua na hiascaireachta ná na feirmeoireachta leis, níor iomair sé curach riamh, agus bhí faitíos air roimh an bhfarraige.

Ach cé nár éirigh go maith le Máirtín mar iascaire ná mar fheirmeoir, shaothraigh sé talamh an oileáin ar a mhian chruthaitheach féin agus tháinig ar fhriotal fileata a bhí bunaithe ar ghnáth-theanga a mhuintire.

“Chaith mo dhaoine féin formhór a saoil ag labhairt filíochta i ngan fhios dóibh.”
Saintréith de dhearcadh fileata Uí Dhireáin is ea an teannas idir cuimhní an fhile ar oileán a óige agus a shaol mar dheoraí díphréamhaithe i mBaile Átha Cliath.

Óige an Fhile

Bhíodh na comharsain ag magadh fúm,
Is mo mháthair de shíor ag bagairt orm,
Ach níor thuigeadar ar aon chor mé,  
An buachaill aisteach ciúin.
 
Ghreamaigh díom an galar úd  
Is ní saor mé uaidh go fóill,  
Is é a sheol ar bhóthar na n-aisling mé  
Is a dhealaigh mé ón sló.
 

The Poet's Youth 

Máirtín Ó Direáin, often regarded as the father of modern Irish language poetry, was born on 26 November 1910 on Inis Mór, the largest of the three Aran Islands.

Máirtín was the eldest of Peige and Seán Ó Direáin’s four children. They struggled to make ends meet on their small rocky farm in the village of Sruthán, on the western end of the island.

Máirtín may well have continued to eke out a living on the family’s plot had it not been for the traumatic death of his father from tuberculosis in 1917.

Unlike many of his fellow islanders, who grappled with rock and sea, Máirtín was never initiated into the traditions of physical labour on the island. He never acquired an understanding of farming or fishing, he never rowed a currach; in fact he feared the sea.

But while Máirtín did not fare well as a fisherman or farmer, he cultivated the landscape of the island in his work, developing his own poetic idiolect based on the day-to-day language of his neighbours. 

“My people spent most of their lives speaking poetry without realising it.”
Central to Ó Direáin's poetic outlook is the palpable tension between the memories of his island youth and his experience as a deracinated exile in Dublin. 

“Buachaill mór socair a bhí ann… nach raibh suim aige i ndada ach ina chuid foghlama. Níor thaitin achrann ná gleo leis ach mar sin féin, dá shocra dá raibh sé, tarraingíodh isteach in achrann é dá bhuíochas. An t-am sin bhíodh cineál de chogadh cathartha ar siúl de shíor idir gasúir Eoghanachta agus gasúir an tSrutháin... [Chaithidís] clocha lena chéile go dtí go gcaitheadh dream amháin cúlú roimh an dream eile ar deireadh... Ar chaoi ar bith, de bharr Máirtín a bheith níos mó agus níos láidre ná an chuid eile, ceapadh é mar thaoiseach ar fhórsaí an tSrutháin.”

Dónal Ó Flannagáin, Ó Thrá Anoir