-
Spórt / Sport Baineann an tsraith seo le spórt, agus le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) go háirithe. Áirítear leis an ábhar comhfhreagras; gearrthóga; cláir; nithe a bhaineann le comórtas Thomáis Ághas; póstaeir agus bróisiúir ina liostaítear téarmaí spóirt éagsúla i nGaeilge.
*****
This series relates to sport, and in particular the Gaelic Athletic Association (GAA). Material includes correspondence; cuttings; programmes; items relating to the Thomas Ashe competition; posters and brochures listing various sports terms in Irish.
-
Nua-Litríocht, Filíocht agus Scríobhneóirí na Gaeilge / Modern Irish language Literature, Poetry and Writers Baineann an tsraith seo le litríocht, filíocht agus scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge agus áirítear léi dréachtscripteanna agus aistí, beathaisnéisí agus cuntais iarbháis scríbhneoirí; nithe a bhaineann le comórtais agus gradaim; doiciméid a bhaineann le féilte agus le seoltaí leabhar; agus ábhar a bhaineann le hiriseoireacht na Gaeilge.
*****
This series relates to modern Irish language literature, poetry and writers and includes draft scripts and essays; biographies and obituaries of writers; items relating to competitions and awards; documents relating to book festivals and launches; and material relating to Irish language journalism.
-
Drámaíocht, Amharclannacht agus Scannán / Dráma, Theatre and Film Baineann an tsraith seo le drámaíocht, amharclannaíocht agus scannánaíocht agus áirítear léi an Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta; an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta (Oireachtas); an Cumann Scoildrámaíochta agus scannáin. Áirítear leis an ábhar miontuairiscí, preasráitis, scripteanna agus gearrthóga.
*****
This series relates to drama, theatre and film including the National Drama Council; National Drama Festival (Oireachtas); School Drama Association (An Cumann Scoildrámaíochta) and film. Material includes minutes, programmes, press releases, scripts and cuttings.
-
Féilte agus Imeachtaí Neamh-CnaG (gan Drámaíocht san áireamh) / Non-CnaG Festivals and Events (not including Drama) Baineann an tsraith seo le féilte neamh-CnaG agus le hócáidí comórtha lena n-áirítear féilte in Éirinn agus thar lear (Pan-Cheilteach, Eisteddfod, Mod agus Scriff); ceolchoirmeacha; imeachtaí (san áireamh leis sin tá comóradh Éirí Amach na Cásca 1916, an chomhdháil Cheilteach); comórtais agus gradaim. Áirítear leis an ábhar cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.
*****
This series relates to non-CnaG festivals and commemorative events including festivals in Ireland and abroad (including Pan Celtic, Eisteddfod, Mod and Scriff); concerts; events (including commemoration of 1916 Easter Rising, Celtic congress); competitions and awards. Material includes programmes; correspondence; promotional material; and press cuttings.
-
Féilte, imeachtaí agus taispeántais CnaG lena n-áirítear feiseanna agus imeachtaí comortha / CnaG festivals, events and exhibitions including Feiseanna and commemorative events Baineann an tsraith seo le féilte agus le hócáidí comórtha Chonradh na Gaeilge (CnaG), a n-áirítear léi imeachtaí chun 50, 75 agus 100 bliain ó bunaíodh CnaG a chomóradh; féilte ceoil agus damhsa in Éirinn agus thar lear; ceolchoirmeacha; comórtais agus gradaim. San áireamh leis an ábhar seo tá cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.
*****
This series relates to Conradh na Gaeilge (CnaG) festivals and commemorative events including events to mark the 50th, 75th and 100th anniversary of the foundation of CnaG; music and dance festivals in Ireland and abroad; concerts; competitions and awards. Material includes programmes; correspondence; promotional material; and press cuttings.
-
Seachtain Na Gaeilge [Irish Week campaign] Baineann an tsraith seo le Seachtain na Gaeilge, ar féile coicíse í a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i mí an Mhárta agus ar chuir Conradh na Gaeilge tús léi in 1903 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. San áireamh leis an ábhar seo tá miontuairiscí; tuairiscí; cláir; ábhar fógraíochta; iarratais ar dheontais; comhfhreagras agus preasráitis.
*****
This series relates to Seachtain na Gaeilge [Irish language week], a two week festival which takes place annually in March and which was set up by Conradh na Gaeilge in 1903 to promote the Irish language. Material includes minutes; reports; programmes; promotional material; grant applications; correspondence and press releases.
-
An tOireachtas [Annual Oireachtas compeition] Baineann an tsraith seo leis an Oireachtas, comórtas bliantúil Chonradh na Gaeilge, agus áirítear léi cláir; miontuairiscí; tuairiscí; liostaí na ndaoine a bhain duaiseanna; na haistí a bhain duaiseanna; ábhar a bhaineann le taispeántais ealaíne an Oireachtais mar aon le litríocht, ceol agus damhsa; preasráitis; grianghraif agus aithisc thosaigh.
Tá ábhar gaolmhar le fáil in G60/18/2 (an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta) agus G60/21/2 (scóir cheoil an Oireachtais).
*****
This series relates to Conradh na Gaeilge’s annual Oireachtas competition and includes programmes; minutes; reports; lists of prize-winners; winning essays; material relating to Oireachtas art exhibitions, literature, music and dance; press releases; photographs and opening addresses.
Related material can be found in G60/18/2 (National Drama Festival) and G60/21/2 (Oireachtas music scores).
-
Ard Fheis Baineann an tsraith seo le hArd Fheis Chonradh na Gaeilge agus áirítear léi cláir, miontuairiscí; cuntais agus tuairiscí; comhfhreagras; aithisc thosaigh agus grianghraif.
*****
This series relates to Conradh na Gaeilge’s Ard Fheis [annual congress] and includes programmes; minutes; accounts and reports; correspondence; opening addresses and photographs.
-
Comhaltas Uladh Baineann an tsraith seo le Comhaltas Uladh, ar tionól cúige de chuid Chonradh na Gaeilge é a bunaíodh in 1926 chun obair CnaG i gcúige Uladh agus i gContae Lú a riaradh. Is é atá i gceist leis an tsraith seo ná lámhleabhair, paimfléid, cláir, comhfhreagras agus aistí clóscríofa agus ailt faoina stair agus a chaidreamh le CnaG féin.
*****
This series relates to Comhaltas Uladh, a provincial assembly of Conradh na Gaeilge which was founded in 1926 to administer the work of CnaG in the province of Ulster and County Louth. It consists of handbooks, pamphlets, programmes, correspondence and typed essays and articles on its history and relationship with CnaG itself.
-
Eagraíochtaí Óige An Chonartha srl. / Conradh Youth Organisations etc. Baineann an tsraith seo le heagraíochtaí óige éagsúla agus imeachtaí don óige lena n-áirítear iad sin a reáchtáladh faoi choimirce CnaG, mar shampla Comhluadar, Conradh na nÓg; Feachtas; Ógras; agus Dáil na nÓg agus is é atá i gceist léi ná miontuairiscí, comhfhreagras, preasráitis agus grianghraif. Áirítear léi chomh maith ábhar a bhaineann le club CnaG ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath (Club an Chonartha) agus clubanna eile ar fud na tíre.
*****
This series relates to various youth organisations and youth events including those run under the auspices of CnaG including Comhluadar; Conradh na nóg; Feachtas; Ógras; and Dáil na nÓg [Youth Assembly] and consists of minutes; correspondence; press releases and photographs. It also includes material relating to the CnaG club at 6 Harcourt Street, Dublin (Club an Chonradh) and other clubs nationwide.
-
Foilsitheoireacht (eile) / Publishing (other) Baineann an tsraith seo le foilsitheoireacht nach foilsitheoireacht Chonradh na Gaeilge í, agus áirítear léi ábhar a bhaineann le foilsitheoirí éagsúla; Fochoiste Foilseacháin Chomhairle na Gaeilge; Cumann na bhFoilsitheoirí Gaeilge; Bord na Leabhar Gaeilge; léirmheasanna ar leabhair agus comhfhreagras.
*****
This series relates primarily to non Conradh na Gaeilge publishing and includes material relating to various publishers; Comhairle na Gaeilge Publications Subcommittee; Cumann na bhFoilsitheoirí Gaeilge [Irish Language Publishers Association]; Bord na Leabhar Gaeilge [Irish Language Books Board]; reviews of books and correspondence.
-
Foilsitheoireacht (CnaG) / Publishing (CnaG) Baineann an tsraith seo le foilsitheoireacht Chonradh na Gaeilge den chuid is mó, a bhfuil san áireamh léi ábhar a bhaineann le Clodhanna Teoranta; An Cló-Chumann; An Siopa Leabhar [siopa leabhar CnaG] mar aon le sraith léaráidí a bhfuil an seans ann gur úsáideadh iad i bhfoilsiú ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais ‘Íosagán agus Scéalta Eile’ [1930í-1950í?]. Áirítear léi chomh maith foshraith a bhaineann le hIrisí agus Nuachtáin a bhfuil ábhar ann nach é CnaG a d’fhoilsigh é.
*****
This series relates primarily to Conradh na Gaeilge publishing including material relating to Clodhanna Teoranta; An Cló-Chumann; An Siopa Leabhar [CnaG’s bookshop] and a set of illustrations possibly used in the publication of Patrick Pearse’s short stories "Íosagán agus Scéalta Eile" [1930s-1950s?]. It also includes a subseries relating to Journals and Newspapers which include non CnaG issued items.
-
Riarachán / Administration Baineann an tsraith seo le riaradh na heagraíochta agus áirítear léi sonraisc agus fáltais, curricula vitae comhaltaí foirne; iarratais poist agus oiliúint foirne; doiciméid árachais; ceadúnais; agus ábhar a bhaineann le hoibleagáidí an fhostóra. Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
*****
This series relates to the administration of the organisation and includes invoices and receipts; staff CVs, job applications and staff training; insurance documents; permits; and material relating to employer obligations. Some material is closed to adhere to GDPR and other regulations.
-
Caidreamh Poiblí agus Margaíocht / Public Relations and Marketing Baineann an tsraith seo le hobair caidrimh poiblí agus mhargaíochta Chonradh na Gaeilge (CnaG). Áirítear leis ábhar ó sheimineáir a bhain le Caidreamh Poiblí; preasráitis i mBéarla agus i nGaeilge; ábhar fógraíochta lena n-áirítear póstaeir, bileoigíní agus taispeántais; doiciméid a bhaineann le fógraí a chur i bhfoilseacháin agus seirbhísí aistriúcháin; dearadh lógó nua; agus rannán cuimsitheach grianghraf.
*****
This series relates to the Public relations (PR) and marketing work of Conradh na Gaeilge (CnaG). Material includes that from seminars relating to PR; press releases in English and Irish; promotional material including posters, flyers and exhibition displays; documents relating to placement of advertisements and translation services; the design of a new logo; and a substantial section of photographs.
-
Airgeadas / Finance Baineann an tsraith seo le cúrsaí airgeadais agus áirítear léi ráitis bainc; tuarascálacha bliantúla; iarratais ar dheontais; tuarastail fostaithe; tiomsú airgid; tiomnachtaí; iasachtaí agus comhfhreagras.
Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
*****
This series relates to financial matters and includes bank statements; annual reports; grant applications; employee wages; fundraising; bequests; loans and correspondence.
Some material is closed to adhere to GDPR and other regulations.
-
Comhfhreagras / Correspondence Baineann an tsraith seo le comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge (CnaG) agus daoine agus eagraíochtaí éagsúla, agus tá ord croineolaíoch uirthi de réir gach deich mbliana*. Is é atá i gceist léi den chuid is mó fiosrúcháin maidir leis an nGaeilge; na ranganna a bhí á reáchtáil ag CnaG; taighde; agus obair CnaG féin. Is féidir teacht ar chomhfhreagras i ndáil le topaic faoi leith sa tsraith a bhaineann leis an topaic sin e.g. G60/30 Oideachas.
*Tá ábhar sa tsraith seo curtha in ord croineolaíoch ach tá roinnt míreanna lasmuigh de raon dátaí an chomhaid san áireamh freisin, ar mhaithe leis an gcomhthéacs.
*****
This series relates to correspondence between Conradh na Gaeilge (CnaG) and various individuals and organisations and is organised chronologically by decade*. It consists mainly of inquires relating to the Irish language; classes run by CnaG; research; and the work of CnaG itself. Correspondence relating to a specific topic can be found in the series relating to that topic e.g. G60/30 Education.
*Material in this series is arranged chronologically although in some cases items outside the date range of an individual file may be also included, to maintain context.
-
Craobhacha, Coistí Ceantair agus Dála Cúige / Branches, District Councils and Provincial Executives Baineann an tsraith seo le hobair na nDála Cúige, na gCoistí Ceantair agus na gcraobhacha, agus áirítear léi foirmeacha clárúcháin, miontuairiscí, cártaí ballraíochta agus comhfhreagras. Liostaítear na Comhairlí Ceantair agus na craobhacha de réir cúige. Tá rannán breise i bhfoshraith na gCraobhacha a bhaineann le craobhacha lasmuigh d’Éirinn. Áirítear leis an ábhar míreanna faoi leith a bhain le craobh Londan de Chonradh na Gaeilge a cuireadh ar ais chuig an bpríomhoifig mar bhailiúchán; ábhar a bhaineann leis an Ard-Chraobh; Craobh an Chéitinnigh; Craobh na gCúig gCúigí agus Craobh Móibhí.
*****
This series relates to the work of the individual Provincial Executives, District Councils and branches and includes registration forms, minutes, membership cards and correspondence. District Councils and branches are listed by province. The Branches subseries has an additional section relating to branches outside of Ireland. Material includes items of particular note relating to the London branch of Conradh na Gaeilge which was returned to the head office as a collection; material relating to the Ard-Chraobh [central branch]; Craobh An Cheitinnigh; Craobh na gCúig gCúigí and Craobh Móibhí.
-
Coistí / Committees Baineann an tsraith seo le hobair coistí agus fochoistí éagsúla Chonradh na Gaeilge a n-áirítear leis sin an Coiste Gnó; an Coiste Airgeadais [ar tugadh an Buanchoiste air chomh maith]; Coiste na bPáistí; Coiste na Féile; an Coiste Um Bhailiú Airgid; an Fochoiste Oideachais; an Fochoiste Gaeltachta; an Fochoiste Oiliúna agus na Fochoistí Craolacháin agus Meán. Miontuairiscí agus comhfhreagras is mó atá inti.
*****
This series relates to the work of various committees and subcommittees of Conradh na Gaeilge including the National Executive; Finance Committee [also known as the Standing Committee]; Children’s Committee; Festival Committee; Fundraising Committee; Education subcommittee; Gaeltacht Subcommittee; Training subcommittee and Broadcasting and Media Subcommittees. It consists mainly of minutes and correspondence.
-
Timirí agus Múinteoirí Taistil / “Timirí" [Organisers] and Travelling Teachers Baineann an tsraith seo le hobair na dTimirí [lucht eagraithe] agus teagascóirí taistil ar fud na tíre, agus áirítear leis tuairiscí, treoracha, cláir oibre agus conarthaí an lucht eagraithe. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le “Lá na dTimirí”.
*****
This series relates to the work of Timirí [organisers] and travelling teachers all over Ireland and includes organisers’ reports, instructions, agendas and contracts. It also includes material relating to “Lá na dTimirí” [Organisers’ day].
-
Pleananna Forbartha, Polasaithe Eagraíochtaí / Development Plans, Organisational Policies Baineann an tsraith seo le Conradh na Gaeilge (CnaG) féin, lena struchtúr, a bhunreacht, a pholasaithe agus pleananna oibre, agus cuimsítear léi tuarascálacha bliantúla, ábhar a bhaineann leis na foirgnimh éagsúla in úinéireacht CnaG agus ábhar a bhaineann leis “An Fáinne”, ar clár teastasaithe a reáchtáil CnaG é.
*****
This series relates to the Conradh na Gaeilge (CnaG) organisation itself, its structure, constitution, policies and work plans and includes annual reports, material relating to the various buildings owned by CnaG and material relating to “An Fáinne”, a certification programme run by CnaG.
-
Bailiúchán Sheáin Uí Dhálaigh / Seán Ó Dálaigh Collection Seán Ó Dálaigh a thiomsaigh an t-ábhar sa tsraith seo, bronnadh ar Chonradh na Gaeilge é agus rinneadh é a fhorshealbhú mar chuid chomhaontaithe den bhailiúchán seo in 2021. Coinníodh le chéile mar sin é faoi aon sraith amháin. Áirítear leis miontuairiscí, comhfhreagras, bileoigíní agus ábhar eile a bhaineann le Club Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath (G60/46/1), Feis Chathair Bhaile Átha Cliath (G60/46/2), Craobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge (G60/46/3), an tOireachtas (G60/46/4), Coiste Chathair Bhaile Átha Cliath (G60/46/5), Dáil Cathrach [coiste feidhmiúcháin na Cathrach] (G60/46/6), comhfhreagras ginearálta (G60/46/7) mar aon le hábhar gearrshaolach (G60/46/8).
*****
Material in this series was gathered by Seán Ó Dálaigh, donated to Conradh na Gaeilge and accessioned as an agreed part of this collection in 2021. It has therefore been kept together under the one series. It includes minutes, correspondence, flyers and other material relating to the Conradh na Gaeilge Club on Harcourt street, Dublin (G60/46/1), Dublin City Feis (G60/46/2), Craobh Móibhí branch of Conradh na Gaeilge (G60/46/3), the Oireachtas (G60/46/4), Dublin City Committee (G60/46/5), Dáil Cathrach [City executive committee] (G60/46/6), general correspondence (G60/46/7) and ephemera (G60/46/8).
Tag / Ref: G60/46